Scaipfear eolas maidir le clár an Chruinniú Mullaigh agus naisc do sheisiúin ar rannpháirtithe cláraithe cúpla lá roimh ré.

An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht: Siompóisiam Lae
Cé gur ar líne a reáchtálfar an Cruinniú Mullaigh féin, beidh siompóisiam maidir le téarmeolaíocht don Ghaeilge ar siúl in DCU ar an 24 Samhain, mar aon le fáiltiú réamhchruinniú mullaigh ina dhiaidh. Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an ócáid seo. Cláraigh faoin 21 Samhain anseo

Aistriú ó Bhéarla go Fraincis ar na hachoimrí is ar na nótaí beathaisnéise: Adrian OPREA (Máistreacht san aistriúchán speisialaithe agus sa téarmeolaíocht, Ollscoil Bucharest), Ana ZORILĂ (Máistreacht san aistriúchán speisialaithe agus sa téarmeolaíocht, Ollscoil Bucharest, agus i mbun traenála i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg) agus Anca-Marina VELICU (Ollscoil Bucharest, Dámh na dTeangacha is na Litríochta Strainséartha, Roinn na Fraincise). Iareagarthóireacht: Anca-Marina VELICU.